email:
corunum@btconnect.com
|
telephone:
02837 522023
(Main School Building)
02837 523665
(Barat Building) |
fax: 02837 510034 |
 |
|
| |
|
Osclaíodh Aonad na Gaeilge i gColáiste Chaitríona i Meán Fómhair 2002 agus bhí deichniúr i Rang 8I. Tháinig na daltaí seo ó Bhunscoil na mBráithre, Ard Mhacha agus ó Ghaelscoil Uí Néill, Oileán a' Ghuail. Tá muid ag fáil réidh anois chun bogadh isteach i bhfoirgneamh nua i 2006 áit ina mbeidh trí sheomra ranga, leabharlann, oifig, stóras, leithris agus seomra feistis do bhuachaillí. Faoi láthair, cuireann muid ar fáil curaclam dátheangach. Déanann lucht na chéad bliana na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: Stair, Tíreolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht an Eolais, Teicneolaíocht agus Dearadh, Teagasc Críostaí, Saoránacht, O.P.S.S., Infhostaítheacht, Fraincis, Corp Oideachas agus an Ghaeilge ar ndóigh. Úsáideann na daltaí na háiseanna go léir atá againn sa scoil - seomraí speisialta, áiseanna spóirt 7rl. Glacann siad páirt iomlán i saol bheoga na máthairscoile. Is í Caitríona Bean de Bléine atá mar Chomhordaitheoir ar an Aonad. Tá Gearóid Mac Eoin mar Oifigeach Forbartha san Aonad. Tá beirt eile ceaptha ar an fhoireann le bliain anuas, Gabhán Ó Dochartaigh agus Dónall Mac Ruairi. Beidh beirt eile nuacheaptha don scoilbhliain 2005-2006. Déantar gach iarracht caighdeán délitearthachta na bpáistí a fhorbairt i dtimpeallacht atá slán, spreagúil agus gaelach. Creideann an scoil gur den riachtanas é go mbeadh tuismitheoirí rannpháirteach san oideachas dátheangach atá curtha ar fáil againn agus chuige sin coinnítear na tuismitheoirí ar an eolas go tráthrialta faoi gnóthachtáil acadúil na ndaltaí agus faoi na himeachtaí uile a bhaineann le lucht Eochairchéim a Trí. Beimid ag tosnú ar EC4 i Meán Fómhair 2005.
|
|