Home | Contact Us | Site Map
 
College History Sacred Heart Education Curriculum Discipline Pastoral Care
Departments
Staff
Parents
News
Events
search
email:
corunum@btconnect.com
telephone:
02837 522023
(Main School Building)
02837 523665
(Barat Building)
fax:
02837 510034
VLE
You are here » Home-page

AN SRUTH GAEILGE

Irish Medium Unit Year 8 Osclaíodh Sruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona i Meán Fómhair 2002 le deichniúr i Rang 8I. Tháinig na daltaí seo ó Bhunscoil na mBráithre, Ard Mhacha agus ó Ghaelscoil Uí Néill, Oileán a' Ghuail. Ocht mbliana ar aghaidh, freastalaíonn 127 dalta ar Shruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona. Tagann daltaí chugainn ó 5 bhunscoil: Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha, Bunscoil an Iúir, Bunscoil Eoin Baiste, Gaelscoil Uí Néill agus ó Bhunscoil N. Proinsias, an Lorgain. I láthair na huaire, tá 79 daltaí in Eochairchéim a 3, 35 buachaillí agus 44 cailíní. In Eochairchéim a 4, tá 48 daltaí ar fad ann, 26 cailíní agus 22 buachaillí. Tá deichniúr múinteoirí ar fad ag teagasc ábhar trí mheán na Gaeilge, seisear acu lonnaithe sa Sruth Gaeilge.

Cuireadh leis an fhoirgneamh i Mí an Mhárta agus anois tá cúig sheomra ranga, oifig, leabharlann, leithris d’idir dhaltaí agus mhúinteoirí, agus taisceadáin san áireamh.
Faoi láthair, cuireann muid ar fáil curaclam dátheangach. Táimid ar ár ndícheall 50% faoin gcéad den churaclam a sholáthar trí mheán na Gaeilge ag Eochairchéim a 3.

Déanann lucht na chéad bliana na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: Stair, Tíreolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht agus Dearadh, Teagasc Críostaí, F.S.O. Spáinnis agus an Ghaeilge ar ndóigh. Úsáideann na daltaí na háiseanna go léir atá againn sa scoil - seomraí speisialta, áiseanna spóirt agus mar sin de.
Glacann daltaí Shruth na Gaeilge páirt iomlán i saol bheoga na máthairscoile. Bíonn deis ag daltaí áit a fháil ar na foirne scoile, páirt a ghlacadh sna comórtas éagsúla. Ghlac daltaí i mBliain a 11 páirt i gcomórtas chaint phoiblí Abair Ghael Linn le cúpla bliain anuas agus d’éirigh thar barr leo. Bíonn faill acu dul ar thurais éagsúla atá eagraithe agus déantar iarracht díriú isteach ar spórt do na buachaillí. Is iomaí féile peile agus iománaíochta atá socruithe.
Is í Caitríona Bean de Bléine Comhordaitheoir Shruth na Gaeilge. Tá Gearóid Mac Eoin ag feidhmniú mar Oifigeach Forbartha . Déantar gach iarracht caighdeán délitearthachta na bpáistí a fhorbairt i dtimpeallacht atá slán, spreagúil agus gaelach.

Creideann an scoil go bhfuil sé riachtanach go mbeadh tuismitheoirí rannpháirteach san oideachas dátheangach tá curtha ar fáil againn agus chuige sin coinnítear na tuismitheoirí ar eolas go tráthrialta faoi gnóthachtáil acadúil na ndaltaí agus faoi na himeachtaí uile a bhaineann le lucht Eochairchéim a 3/4. Foilsítear iris darb ainm ‘Scéala Scoile’ dhá uair in aghaidh na bliana sa Sruth Gaeilge, ina léirítear saol an dalta agus b’fhiú spleáchadh a thabhairt ar roinnt de na leathanaigh ar an suíomh seo. Níl an Sruth ach ina thachrán go fóill ach cheana féin tá dul chun cinn le mothú ann agus tá geallúint faoin fhiontar tábhachtach ceannródaíoch seo ar Chnoc Chaitríona i lár chathair Ard Mhacha.


 
College History | Sacred Heart Education | Curriculum | Pastoral Care | Gallery | Staff | Departments | Parents | News | Events | An Sruth Gaeilge