email:
corunum@btconnect.com
|
telephone:
02837 522023
(Main School Building)
02837 523665
(Barat Building) |
fax: 02837 510034 |
 |
|
| |
AN SRUTH GAEILGE
Osclaíodh Aonad na Gaeilge i gColáiste Chaitríona i Meán Fómhair 2002 agus bhí deichniúr i Rang 8I. Tháinig na daltaí seo ó Bhunscoil na mBráithre, Ard Mhacha agus ó Ghaelscoil Uí Néill, Oileán a' Ghuail. Anois, tá daltaí againn ó thrí bhunscoil eile: Bunscoil an Iúir, Bunscoil Eoin Baiste agus ó Bhunscoil N. Proinsias, an Lorgain.Tá muid ag fáil réidh anois seomraí nua a thógáil (2007): trí sheomra ranga, leabharlann, leithris, agus seomra feistis do bhuachaillí. Faoi láthair, cuireann muid ar fáil curaclam dátheangach. Déanann lucht na chéad bliana na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: Stair, Tíreolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht an Eolais, Teicneolaíocht agus Dearadh, Teagasc Críostaí, O.P.S.S., agus an Ghaeilge ar ndóigh. Úsáideann na daltaí na háiseanna go léir atá againn sa scoil - seomraí speisialta, áiseanna spóirt 7rl. Glacann siad páirt iomlán i saol bheoga na máthairscoile.Is í Caitríona Bean de Bléine atá i mbun an Aonaid. Tá Geaoid Mac Eoin mar Oifigeach Forbartha san Aonad. Déantar gach iarracht caighdeán délitearthachta na bpáistí a fhorbairt i dtimpeallacht atá slán, spreagúil agus gaelach. Creideann an scoil gur den riachtanas é go mbeadh tuismitheoirí rannpháirteach san oideachas dátheangach atá curtha ar fáil againn agus chuige sin coinnítear na tuismitheoirí ar eolas go tráthrialta faoi gnóthachtáil acadúil na ndaltaí agus faoi na himeachtaí uile a bhaineann le lucht Eochairchéim a 3/4. Níl an Aonad ach ina naíonán go fóill ach cheana féin tá dul chun cinn le mothú ann agus tá geallúint faoin fhiontar tábhachtach ceannródaíoch seo ar Chnoc Chaitríona i lár chathair Ard Mhacha.
|
|